Tráill agus fealsamh ó Impireacht na Róimhe a ghlac leis an Stóchas ab ea Epictetus (, ''Epíktētos''; c.50 – c.135 AD). Rugadh é sa Fhrigia, ríocht na Gréige, san Anatóil. Ba thráill a mháthair agus díoladh í le fear saibhir sa Róimh darb ainm Epaphroditos, rúnaí Néaró. Ciallaíonn an t-ainm ''ceannaithe'' sa Ghréigis. Cé go raibh sé ina thráill, tugadh cead dó freastal ar ranganna fealsúnachta a chum Gaius Musonius Rufus. Chuir sé sin feabhas ar a stádas. Scaoileadh Epictetus timpeall 68 agus thosaigh sé ag múineadh fealsúnachta, an tImpire Hadrianus ina measc. Cuireadh iallach ar Epictetus an Róimh a fhágáil chun dul anonn go Nicopolis i 94 nuair a dhíbir Domitianus gach uile fhealsamh. Bhí tionchar an-láidir aige ar Marcas Áiréilias.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid