Torthaí cuardaigh - Jules Verne

Jules Verne

mion|left|Meastar go bhfuil The Lighthouse at the End of the World ar cheann de na húrscéalta is fearr ar stáitse liteartha Verne. Scríbhneoir úrscéalta éadroma eachtránaíochta ón bhFrainc a bhí i Jules Gabriel Verne (a rugadh i Naoned ar an 8 Feabhra 1828, agus a fuair bás in Amiens ar an 24 Márta 1905). Bhí Verne ina cheannródaí don fhicsean eolaíochta.

Tá Verne ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a aistrítear go teangacha eile, agus chuaigh a chuid eachtraí sciobtha dúisitheacha i bhfeidhm ar an dúrud glún de léitheoirí óga. Is iad na húrscéalta úd

* ''Voyage au centre de la Terre'' ("An Turas go Lárphointe an Domhain"), * ''De la Terre à la Lune'' ("Ón Domhan go dtí an Ghealach"), * ''Vingt Mille Lieues sous les Mers'' ("Fiche Míle Léig faoi na Farraigí"), * "Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá" (bunsaothar: ''Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours''; Tórna a d'aistrigh go Gaeilge) agus * ''L'Île Mysterieuse'' ("An tOileán Rúndiamhair"),

ach go háirithe, a thabhaigh a chlú dó, ach bhí sé bisiúil thar na bearta, agus bhreac sé síos a lán eile freisin.

clé|mion|jardin des plantes. Nantes

Bhí Verne in ann aireagáin na fichiú haoise agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a shamhlú roimh ré.

Is iomaí tairngreacht dá chuid a tháinig isteach fíor i ndiaidh a bháis. Bhí sé ábalta cur síos a thabhairt ar fhomhuireán, ar spástaisteal, ar an Idirlíon agus ar na ríomhairí féin i bhfad sular tháinig a leithéidí ar an bhfód. Mar sin, fáidh a bhí ann, ar bhealach, nó sin mar a fheictear dá lán léitheoirí é inniu. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 8 toradh as 8 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Around The World In 80 Days (Pegasus Abridged Classics) de réir Jules Verne

    Foilsithe / Cruthaithe 2012
    LEABHAR
  2. 2

    Samudra Mein Bees Hazaar League Neeche : 20000 Leagues Under The Sea(In Hindi) de réir Jules Verne

    Foilsithe / Cruthaithe 2019
    LEABHAR
  3. 3

    Classic Starts®: Around the World in 80 Days (Classic Starts® Series) de réir Jules Verne

    Foilsithe / Cruthaithe 2007
    LEABHAR
  4. 4

    A Journey to the Centre of the Earth (Classics) de réir Jules Verne

    Foilsithe / Cruthaithe 2019
    LEABHAR
  5. 5

    End of Nana Sahib de réir Jules Verne

    Foilsithe / Cruthaithe 2012
    LEABHAR
  6. 6

    Around the World in Eighty Days (Bantam Classics) de réir Jules Verne

    Foilsithe / Cruthaithe 1984
    LEABHAR
  7. 7

    "20,000 leagues under the sea" de réir Jules Verne

    Foilsithe / Cruthaithe 2019
    LEABHAR
  8. 8

    "Journey To The Centre Of The Earth [Paperback] [Jan 01, 2015]" de réir JULES VERNE

    LEABHAR