Torthaí cuardaigh - Kasparov, Garry

Garry Kasparov

Is ardmháistir fichille Rúiseach agus Iar-Churadh Domhanda é Garry Kasparov (rugadh 13 Aibreán 1963, i mBaku, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine). Is scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúil é freisin.

Ba é Kasparov an Curadh Domhanda Fichille is óige riamh tar éis dhó an ceann is fearr a fháil ar Anatoly Karpov le scór 13-11 i sraith cluichí sa bhliain 1985 i Moscó. Bhí sé ina churadh oifigiúil go dtí an bhliain 1993 nuair a bhunaigh sé eagraíocht nua, an Professional Chess Assocation (PCA), tar éis conspóide le FIDE. Tugadh aitheantas dó mar Churadh Domhanda "Clasaiceach" go dtí gur chaill sé sraith cluichí i gcoinne Vladimir Kramnik sa bhliain 2000. Ba é an chéad Churadh Domhanda Fichille a chaill sraith cluichí in aghaidh ríomhaire nuair a fuair Deep Blue an ceann is fearr air le scór 3½–2½ sa bhliain 1997.

Bhí an grád is airde ar domhan ag Kasparov beagnach an t-am go léir ó 1986 go dtí gur éirigh sé as an imirt sa bhliain 2005. Bhí grád 2851 aige ar liosta FIDE mhí Iúil 1999, an grád is airde riamh.

D'éirigh Kasparov as imirt fichille go gairmiúil sa bhliain 2005 chun bheith gníomhach sa pholaitíocht agus sa scríbhneoireacht. Bhunaigh sé an Tosach Cathartha Aontaithe agus bhí sé mar bhall den ghrúpa An Rúis Eile a bhí in éadan rialtais Vladímír Pútín. Ba iarrthóir é i dtoghchán uachtaránachta na Rúise sa bhliain 2008 ach d'aistarraing sé níos déanaí. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 2 toradh as 2 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    How Life Imitates Chess : making the right moves, from the board to the boardroom de réir Kasparov Garry

    Foilsithe / Cruthaithe 2008
    LEABHAR
  2. 2

    Deep thinking : where machine intelligence ends and human creativity begins de réir Kasparov, Garry

    Foilsithe / Cruthaithe 2018
    Anaithnid